search


keyboard_tab Digital Service Act 2022/2065 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2022/2065 GA cercato: ' feabhra' . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


expand index  feabhra:

    CAIBIDIL I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    CAIBIDIL II
    DLITEANAS SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ IDIRGHABHÁLACHA

    CAIBIDIL III
    OIBLEAGÁIDÍ DÍCHILL CHUÍ I GCOMHAIR TIMPEALLACHT THRÉDHEARCACH AGUS SHÁBHÁILTE AR LÍNE

    ROINN 1
    Forálacha is infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí idirghabhálacha

    ROINN 2
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhísí óstála, lena n-áirítear ardáin ar líne

    ROINN 3
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne

    ROINN 4
    Forálacha breise is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe

    ROINN 5
    Oibleagáidí breise soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne chun rioscaí sistéamacha a bhainistiú

    ROINN 6
    Forálacha eile maidir le hoibleagáidí díchill chuí

    CAIBIDIL IV
    CUR CHUN FEIDHME, COMHAR, PIONÓIS AGUS FORFHEIDHMIÚ

    ROINN 1
    Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha náisiúnta

    ROINN 2
    Inniúlachtaí, sásraí comhordaithe maidir le himscrúdú agus comhsheasmhacht

    ROINN 3
    An Bord Eorpach um Sheirbhísí Digiteacha

    ROINN 4
    Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán i leith soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

    ROINN 5
    Forálacha coiteanna maidir le forfheidhmiú

    ROINN 6
    Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

    CAIBIDIL V
    FORÁLACHA DEIRIDH


whereas  feabhra:


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 806

 

Airteagal 24

Oibleagáidí tuairiscithe trédhearcachta do sholáthraithe ardán ar líne

1.   De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15, cuirfidh soláthraithe ardán ar líne an fhaisnéis maidir leis an méid seo a leanas san áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal sin:

(a)

an líon díospóidí arna gcur faoi bhráid na gcomhlachtaí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt dá dtagraítear in Airteagal 21, torthaí an réitigh díospóide, agus an tréimhse ama airmheánach a theastóidh chun na nósanna imeachta um réiteach díospóidí a chur i gcrích, chomh maith le cion na ndíospóidí inar chuir soláthraí an ardán ar líne cinntí an chomhlachta chun feidhme;

(b)

an líon fionraíochtaí arna bhforchur de bhun Airteagal 23, ag déanamh idirdhealú idir fionraíochtaí a achtaíodh as inneachar ar follasach gurb inneachar neamhdhleathach é a sholáthar, fógraí ar follasach gur fógraí gan bhunús iad a chur isteach agus gearáin ar follasach gur gearáin gan bhunús iad a chur isteach.

2.   Faoin 17 feabhra 2023 agus uair amháin ar a laghad gach 6 mhí ina dhiaidh sin, foilseoidh soláthraithe do gach ardán ar líne nó gach inneall cuardaigh ar line, i roinn dá gcomhéadan ar líne atá ar fáil go poiblí faisnéis maidir le meánlíon faighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, arna ríomh mar mheán thar an tréimhse 6 mhí roimhe sin, agus, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 33(3), ina nglactar na gníomhartha tarmligthe.

3.   Cuirfidh soláthraithe ardán ar líne nó soláthraithe inneall cuardaigh ar líne an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta agus don Choimisiún, ar iarraidh uathu agus gan moill mhíchuí, agus beidh an fhaisnéis sin cothrom le dáta tráth a gheofar an iarraidh sin. Féadfaidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha sin nó an Coimisiún a cheangal ar sholáthraí an ardáin ar líne nó soláthraí an inneall cuardaigh ar líne faisnéis bhreise a sholáthar a mhéid a bhaineann leis an ríomh dá dtagraítear sa mhír sin, lena n-áirítear míniúcháin agus bunús i leith na sonraí a úsáideadh. Ní bheidh sonraí pearsanta mar chuid den fhaisnéis sin.

4.   Má tá cúiseanna ag an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha bunaíochta lena meas, bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, go gcomhlíonann soláthraí ardáin ar líne nó soláthraí inneall cuardaigh ar líne an tairseach d’fhaighteoirí gníomhacha míosúla na seirbhíse san Aontas, a leagtar síos in Airteagal 33(1), cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin.

5.   Tíolacfaidh soláthraithe ardán ar líne, gan moill mhíchuí, na cinntí agus na ráitis ar chúiseanna dá dtagraítear in Airteagal 17(1) chuig an gCoimisiún chun iad a chur san áireamh i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí, inléite ag meaisín, arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Áiritheoidh soláthraithe ardán ar líne nach mbeidh sonraí pearsanta san fhaisnéis a thíolacfar.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun teimpléid a leagan síos maidir le foirm, inneachar agus mionsonraí eile tuarascálacha de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 88.

Airteagal 30

Inrianaitheacht trádálaithe

1.   Soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a chur i gcrích le trádálaithe, áiritheoidh siad nach féidir le trádálaithe na hardáin ar líne sin a úsáid ach chun teachtaireachtaí a chur chun cinn nó chun táirgí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas má tá an fhaisnéis seo a leanas faighte ag na hardáin ar líne, i gcás inarb infheidhme maidir leis an trádálaí, sula mbaineann siad úsáid as a seirbhísí chun na gcríoch sin:

(a)

ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist an trádálaí;

(b)

cóip de dhoiciméad aitheantais an trádálaí nó aon aitheantas leictreonach eile mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40);

(c)

mionsonraí chuntas íocaíochta an trádálaí;

(d)

i gcás ina bhfuil an trádálaí cláraithe i gclár trádála nó i gclár poiblí den chineál céanna, an clár trádála ar a bhfuil an trádálaí cláraithe agus a chláruimhir, nó modh coibhéiseach aitheantais an chláir sin;

(e)

féindeimhniúchán ón trádálaí ina ngabhann sé air féin gan ach táirgí nó seirbhísí a chomhlíonann na rialacha is infheidhme de dhlí an Aontais a thairiscint.

2.   Tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil agus sula dtabharfaidh sé cead don trádálaí lena mbaineann a sheirbhísí a úsáid, déanfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe a dhícheall, trí úsáid a bhaint as aon bhunachar sonraí nó comhéadan oifigiúil ar líne a bhfuil rochtain saor in aisce air arna chur ar fáil ag Ballstát nó ag an Aontas nó trí iarrataí a dhéanamh leis an úsáideoir gnó doiciméid tacaíochta ó fhoinsí iontaofa a sholáthar, chun a mheasúnú an bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (e), iontaofa agus iomlán. Chun críche an Rialacháin seo, beidh trádálaithe faoi dhliteanas i leith chruinneas na faisnéise a chuirfear ar fáil.

Maidir le trádálaithe a úsáideann seirbhísí soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cheana féin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1 an 17 feabhra 2024, déanfaidh na soláthraithe a ndícheall an fhaisnéis a liostaítear a fháil ó na trádálaithe lena mbaineann laistigh de 12 mhí. I gcás ina mainneoidh na trádálaithe lena mbaineann an fhaisnéis a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin, cuirfidh na soláthraithe soláthar a gcuid seirbhísí ar fionraí do na trádálaithe sin go dtí go gcuirfidh siad an fhaisnéis ar fad ar fáil.

3.   I gcás ina léirítear go leordhóthanach do sholáthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe nó ina bhfuil cúiseanna aige lena chreidiúint go bhfuil aon phíosa faisnéise dá dtagraítear i mír 1 a fuarthas ón trádálaí lena mbaineann míchruinn, neamhiomlán nó gan a bheith cothrom le dáta, iarrfaidh an soláthraí sin ar an trádálaí an cás a leigheas gan mhoill nó laistigh den tréimhse arna leagan síos ag an Aontas agus sa dlí náisiúnta.

I gcás ina mainneoidh an trádálaí an fhaisnéis sin a cheartú nó a chomhlánú, cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe soláthar a sheirbhíse don trádálaí sin ar fionraí go pras i ndáil leis na táirgí nó seirbhísí a thairgtear do thomhaltóirí atá lonnaithe san Aontas go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán an iarraidh sin.

4.   Gan dochar d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1150, má dhiúltaíonn soláthraí ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe cead a thabhairt do thrádálaí a sheirbhís a úsáid de bhun mhír 1, nó ina gcuireann sé soláthar a sheirbhíse ar fionraí de bhun mhír 3 den Airteagal seo, beidh sé de cheart ag an trádálaí lena mbaineann gearán a thaisceadh dá bhforáiltear in Airteagail 20 agus 21 den Rialachán seo.

5.   Stórálfaidh soláthraithe ardán ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis a fhaightear de bhun mhíreanna 1 agus 2 ar bhealach slán ar feadh tréimhse 6 mhí tar éis dheireadh an chaidrimh chonarthaigh leis an trádálaí lena mbaineann. Scriosfaidh siad an fhaisnéis ina dhiaidh sin.

6.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, ní nochtfaidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis do thríú páirtithe ach amháin i gcás ina gceanglaítear air sin a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, lena n-áirítear na horduithe dá dtagraítear in Airteagal 10 agus aon orduithe eile arna n-eisiúint ag údaráis inniúla na mBallstát nó an Coimisiún chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

7.   Cuirfidh soláthraí an ardáin ar líne a cheadaíonn do thomhaltóirí cianchonarthaí a thabhairt i gcrích le trádálaithe an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (d) agus (e) ar fáil ar a ardán ar líne d’fhaighteoirí na seirbhíse, ar bhealach soiléir, inrochtana agus intuigthe. Beidh an fhaisnéis sin ar fáil, ar a laghad, ar chomhéadan ar líne an ardáin ar líne ar a bhfuil an fhaisnéis ar an táirge nó seirbhís curtha i láthair.

Airteagal 46

Cóid iompair d’fhógraíocht ar líne

1.   Spreagfaidh agus éascóidh an Coimisiún tarraingt suas na gcód iompair deonach ar leibhéal an Aontais ag soláthraithe ardán ar líne agus soláthraithe seirbhíse ábhartha eile, amhail soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha fógraíochta ar líne, gníomhaithe eile atá bainteach le luachshlabhra na fógraíochta trí mheán clár ríomhaireachta, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tseirbhís agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó údaráis ábhartha, chun cur le trédhearcacht bhreise do ghníomhaithe i luachshlabhra na fógraíochta ar líne a ghabhann thar cheanglais Airteagail 26 agus 39.

2.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go saothraíonn na cóid iompair tarchur éifeachtach faisnéise, lena dtugtar lánurraim do chearta agus leasanna na bpáirtithe rannpháirteacha, chomh maith le timpeallacht iomaíoch, thrédhearcach agus chothrom le haghaidh fógraíocht ar líne, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, go háirithe i ndáil le hiomaíocht agus príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go dtugtar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad sna cóid iompair:

(a)

tarchur faisnéise atá i seilbh soláthraithe idirghabhálacha fógraíochta ar líne chuig faighteoirí na seirbhíse a bhaineann leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26, pointí (b), (c) agus (d);

(b)

tarchur faisnéise atá i seilbh soláthraithe idirghabhálacha fógraíochta ar líne chuig na stóir de bhun Airteagal 39;

(c)

faisnéis fhiúntach maidir le luach airgid a chur ar shonraí.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún forbairt na gcód iompair faoin 18 feabhra 2025 agus a gcur i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 18 Lúnasa 2025.

4.   Spreagfaidh an Coimisiún na gníomhaithe uile sa luachshlabhra fógraíochta ar líne dá dtagraítear i mír 1 na gealltanais a luaitear sna cóid iompair a fhormhuiniú agus a chomhlíonadh.

Airteagal 47

Cóid iompair d’inrochtaineacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais ina mbeidh soláthraithe ardán ar líne agus soláthraithe seirbhíse ábhartha eile rannpháirteach, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar fhaighteoirí na seirbhíse agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó údaráis ábhartha chun rannpháirtíocht chomhionann iomlán agus éifeachtach a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí ar líne a théann i ngleic, trína ndearadh tosaigh nó trína n-oiriúnú ina dhiaidh sin, leis na riachtanais ar leith atá ag daoine faoi mhíchumas.

2.   Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú leis na cóid iompair go saothrófar an cuspóir a áirithiú go mbeidh na seirbhísí sin inrochtana, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, chun an úsáid intuartha a bhainfidh daoine faoi mhíchumas astu a uasmhéadú. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a áirithiú go dtéitear i ngleic leis na cuspóirí seo a leanas ar a laghad sna cóid iompair:

(a)

seirbhísí a dhearadh agus a oiriúnú chun iad a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas trí na seirbhísí a dhéanamh inbhraite, in-oibrithe, intuigthe agus stóinsithe;

(b)

míniú a thabhairt ar an gcaoi a gcomhlíonann na seirbhísí na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme agus an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas;

(c)

faisnéis, foirmeacha agus bearta a sholáthraítear de bhun an Rialacháin seo a chur ar fáil ar chaoi ina mbeidh siad éasca a aimsiú, sothuigthe agus inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

3.   Spreagfaidh an Coimisiún forbairt na gcód iompair faoin 18 feabhra 2025 agus a gcur i bhfeidhm faoin 18 Lúnasa 2025.

Airteagal 49

Údaráis inniúla agus Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun bheith freagrach as maoirsiú soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha agus as forfheidhmiú an Rialacháin seo (“údaráis inniúla”).

2.   Ainmneoidh na Ballstáit ceann amháin de na húdaráis inniúla mar a gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach as gach ábhar a bhaineann le maoirsiú agus forfheidhmiú an Rialacháin seo sa Bhallstát sin, ach amháin má tá cúraimí nó earnálacha sonracha ar leith sannta ag an mBallstát lena mbaineann d’údaráis inniúla eile. Beidh an Comhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha freagrach in aon chás as comhordú na n-ábhar sin a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus as rannchuidiú le maoirsiú agus forfheidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais.

Chun na críche sin, comhoibreoidh Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha le chéile, le húdaráis inniúla náisiúnta eile, leis an mBord agus leis an gCoimisiún, gan dochar don fhéidearthacht do na Ballstáit foráil a dhéanamh do shásraí comhair agus do mhalartuithe tuairimí idir an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha agus na húdaráis náisiúnta eile go tráthrialta i gcás inarb ábhartha le haghaidh feidhmiú a gcúraimí faoi seach.

I gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó de bhreis ar an gComhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha, áiritheoidh sé go bhfuil cúraimí faoi seach na n-údarás agus an Chomhordaitheora Seirbhísí Digiteacha sin sainmhínithe go soiléir agus go gcomhoibríonn siad go dlúth agus go héifeachtach agus iad ag feidhmiú a gcúraimí.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha faoin 17 feabhra 2024.

Cuirfidh na Ballstáit ainm a n-údaráis inniúil atá ainmnithe mar Chomhordaitheoir Seirbhísí Digiteacha agus faisnéis faoin mbealach ar féidir teagmháil a dhéanamh leis ar fáil go poiblí agus in iúl don Choimisiún agus don Bhord. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann ainm an údaráis inniúil eile dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún agus don Bhord, chomh maith lena gcúraimí faoi seach.

4.   Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar amach in Airteagail 50, 51 agus 56 agus atá infheidhme maidir le Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha maidir le haon údarás inniúil eile a ainmníonn Ballstáit de bhun mhír 1 den Airteagal seo freisin.

Airteagal 91

Athbhreithniú

1.   Faoin 18 feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar fhorbairt agus fás eacnamaíoch fiontar beag agus meánmhéide.

Faoin 17 Samhain 2025, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar na nithe seo a leanas:

(a)

cur i bhfeidhm Airteagal 33, lena n-áirítear raon feidhme na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a chumhdaítear leis na hoibleagáidí a leagtar amach i Roinn 5 de Chaibidil III den Rialachán seo;

(b)

an bealach ina idirghníomhaíonn an Rialachán seo le gníomhartha dlí eile, go háirithe na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2(3) agus (4).

2.   Faoin 17 Samhain 2027, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina leith.

Díreofar ar an méid seo go háirithe sa tuarascáil:

(a)

cur i bhfeidhm mhír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b);

(b)

rannchuidiú an Rialacháin seo le doimhniú agus feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirghabhálacha, go háirithe maidir le soláthar trasteorann seirbhísí digiteacha;

(c)

cur i bhfeidhm Airteagail 13, 16, 20, 21, 45 agus 46;

(d)

raon feidhme na n-oibleagáidí ar fhiontair bheaga agus ar mhicrifhiontair;

(e)

éifeachtacht na sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe;

(f)

an tionchar ar urramú an chirt chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

3.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, meastóireacht freisin ar na tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí na gComhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha a chuirtear ar fáil don Choimisiún agus don Bhord de bhun Airteagal 55(1) agus tabharfaidh sé tuairisc orthu.

5.   Chun críocha mhír 2, seolfaidh na Ballstáit agus an Bord faisnéis ar iarraidh ón gCoimisiún.

6.   Agus na meastóireachtaí dá dtagraítear i mír 2 á ndéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún na seasaimh agus na torthaí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile san áireamh, agus tabharfaidh sé aird ar leith ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar sheasamh iomaitheoirí nua.

7.   Faoin 18 feabhra 2027, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, measúnú ar fheidhmiú an Bhoird agus ar chur i bhfeidhm Airteagal 43, agus cuirfidh sé tuarascáil faoin measúnú sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na céad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin á gcur san áireamh. Ar bhonn na dtorthaí agus aird á tabhairt ar thuairim an Bhoird, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an Bhoird.

Airteagal 92

An cur i bhfeidhm a bhfuil coinne leis maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar line agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le soláthraithe ardán an-mhór ar líne agus soláthraithe inneall cuardaigh an-mhór ar líne arna n-ainmniú de bhun Airteagal 33(4) ó 4 mhí tar éis fógra a thabhairt don soláthraí lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 33(6) i gcás ina bhfuil an dáta sin níos luaithe ná an 17 feabhra 2024.

Airteagal 93

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 17 feabhra 2024.

Beidh feidhm ag Airteagal 24(2), (3) agus (6), Airteagal 33(3) go (6), Airteagal 37(7), Airteagal 40(13), Airteagal 43 agus Ranna 4, 5 agus 6 de Chaibidil IV, áfach, ón 16 Samhain 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 70.

(2)  IO C 440, 29.10.2021, lch. 67.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le tráchtáil leictreonach”) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch. 1).

(7)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO L 95, 15.4.2010, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2019/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le margú agus úsáid réamhtheachtaithe pléascán, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 98/2013 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

(10)  Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, IO L 172, 17.5.2021, lch. 79).

(11)  Rialachán (AE) 2021/1232 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le maolú sealadach ar fhorálacha áirithe de Threoir 2002/58/CE a mhéid a bhaineann le húsáid teicneolaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chomhrac (IO L 274, 30.7.2021, lch. 41)

(12)  Treoir 2002/58/CE ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).

(13)  Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, (IO L 345, 27.12.2017, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011, (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).

(15)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

(16)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).

(17)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

(18)  Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide le haghaidh díospóidí tomhaltais agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

(19)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).

(20)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(21)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(22)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(23)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(24)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(25)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(26)  Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1).

(27)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a ghlacann ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(28)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).

(29)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(30)  Treoir (AE) 2021/514 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L 104, 25.3.2021, lch. 1).

(31)  Treoir 98/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 feabhra 1998 maidir le cosaint tomhaltóirí ó thaobh praghsanna táirgí a thairgtear do thomhaltóirí a chur in iúl (IO L 80, 18.3.1998, lch. 27).

(32)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(33)  Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(35)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(36)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(37)  IO C 149, 27.4.2021, lch. 3.

(38)  Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).

(39)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(40)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(41)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).



whereas









keyboard_arrow_down